Úsáideann Google córais uathoibrithe chun ábhar ón nGréasán agus ó fhoinsí eile a aimsiú. Gineann na córais seo torthaí cuardaigh a thugann freagraí úsáideacha agus iontaofa ar na billiúin iarratas cuardaigh atá á bpróiseáil againn ar bhonn laethúil.

Cuimsíonn Cuardach Google na trilliúin leathanach gréasáin, íomhánna, físeán agus ábhar eile, ach seans go mbeidh ábhar sna torthaí a d'fhéadfadh a bheith gránna, déistineach nó achrannach do dhaoine áirithe.

Cabhraíonn córais uathoibrithe Google le cosaint a thabhairt ar ábhar gránna. Ba cheart go mbeadh torthaí cuardaigh úsáideach agus ábhartha agus go dteorannódh siad freagraí turscair. Seans go mbainfimid ábhar de láimh a thagann salach ar pholasaithe ábhair Google, i ndiaidh athbhreithniú cás ar chás ónár saineolaithe oilte. Seans go n-ísleoimid suíomhanna freisin, mar shampla nuair a thagaimid ar go leor sáruithe ar pholasaithe ábhair laistigh de shuíomh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar na suíomhanna gréasáin seo:

Polasaithe ábhair foriomlána do Chuardach Google

Bíonn na polasaithe seo i bhfeidhm ar ábhar a bhfuil teacht air áit ar bith laistigh de Chuardach Google, lena n-áirítear torthaí gréasáin. Is éard atá i gceist le torthaí gréasáin ná leathanaigh gréasáin, íomhánna, físeáin, ábhar nuachta nó ábhar eile a aimsíonn Google ón nGréasán.

Leathnaigh gach rud Laghdaigh gach rud

Léiriú ar mhí-úsáid ghnéasach páistí nó ábhar dúshaothraithe

Cuirimid bac ar thorthaí cuardaigh a théann chuig léiriú ar mhí-úsáid ghnéasach páistí nó ábhar a bhfuil an chuma air go n-íospraíonn sé páistí, go gcuireann sé i mbaol iad nó go ndéanann sé dúshaothrú orthu ar aon slí eile. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas léiriú ar mhí-úsáid ghnéasach páistí a thuairisciú.

Faisnéis an-phearsanta

Seans go mbainfidh Google faisnéis phearsanta áirithe a chruthaíonn rioscaí suntasacha de bhradaíl aitheantais, calaois airgeadais nó díobhálacha ar leith eile, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do dhocsáil ábhair, íomhánna pearsanta gáirsiúla agus pornagrafaíocht bhréagach ainneonach. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas d'fhaisnéis phearsanta a bhaint de Google.

Turscar

Braitheann Cuardach Google turscar trí chórais uathoibrithe. Déanann Google gníomh in aghaidh turscair, ar ábhar é a léiríonn iompar atá deartha chun dallamullóg a chur ar úsáideoirí nó chun ár gcórais cuardaigh a ionramháil. Eisímid gníomh de láimh in aghaidh suímh i ndiaidh do léirmheastóirí daonna Google a dheimhniú go nglacann a leathanaigh páirt i dturscar mar atá mínithe i mBunriachtanais Chuardaigh Google. Faigh tuilleadh faisnéise maidir lenár bpolasaithe turscair do chuardach gréasáin Google.

Iarratais stiúrthóra gréasáin agus úinéara suímh

Ar iarratas, bainimid ábhar ar mian le stiúrthóirí gréasáin nó úinéirí suímh bac a chur air ónár dtorthaí gréasáin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas bac a chur ar rochtain ar d'ábhar agus conas faisnéis a bhaint de Google.

Iarratais dlí bhailí

Bainimid ábhar nó gnéithe dár dtorthaí Cuardaigh ar chúiseanna dlíthiúla. Mar shampla, bainimid ábhar má fhaighimid fógra bailí faoi Digital Millennium Copyright Act (DMCA) SAM. Bainimid ábhar de leaganacha áitiúla Google chomh maith, i gcomhréir le dlí áitiúil, nuair a chuirtear muid ar an eolas gur fadhb é an t-ábhar. Mar shampla, bainimid ábhar a ghlóiríonn páirtí na Naitsithe go mídhleathach dár seirbhís sa Ghearmáin nó ábhar a thugann masla do chreideamh go mídhleathach dár seirbhís san India. Díliostaímid leathanaigh ar iarratais ainmneacha, bunaithe ar iarratais ar chosaint sonraí, faoin rud ar a dtugtar "an Ceart go ndéanfaí Ligean i nDearmad" go coitianta san AE. Mionscrúdaímid na hiarratais seo lena chinntiú go bhfuil bunús maith leo, agus is minic go ndiúltaímid ábhar a bhaint nuair nach bhfuil bunús soiléir ann sa dlí.

Nuair is féidir, taispeánaimid fógra gur baineadh torthaí agus tuairiscímid baint na dtorthaí seo don Bhunachar Sonraí Lumen, tionscadal atá á rith ag an Berkman Center for Internet and Society, a rianaíonn srianta le caint ar líne. Nochtaimid sonraí áirithe maidir le baint dlí dár dtorthaí cuardaigh tríd an Tuairisc Trédhearcachta dár gcuid freisin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir le conas Iarratas Bainte Dlí a dhéanamh.

Polasaithe i leith gnéithe cuardaigh

Bíonn na polasaithe seo i bhfeidhm ar go leor dár ngnéithe cuardaigh. Cé go ngintear na gnéithe seo agus an t-ábhar atá iontu go huathoibríoch, mar a dhéantar le torthaí gréasáin, d'fhéadfaí ciall a bhaint as an mbealach a chuirtear iad i láthair go bhfuil siad ar chaighdeán níos fearr nó go bhfuil siad níos iontaofa ná torthaí gréasáin. Níl fonn orainn go mbainfeadh gnéithe tuarthacha nó beachtaithe stangadh as daoine ná go gcuirfidís olc orthu ach an oiread. I measc na ngnéithe cuardaigh atá clúdaithe ag na polasaithe seo tá painéil, timpealláin, feabhsuithe ar liostuithe gréasáin (amhail trí shonraí struchtúrtha), gnéithe tuarthacha agus beachtaithe agus torthaí agus gnéithe a labhraítear os ard. Ní bhíonn na polasaithe seo i bhfeidhm ar thorthaí gréasáin.

Leathnaigh gach rud Laghdaigh gach rud

Fógraí

Ní cheadaímid ábhar a dhíríonn go príomha ar tháirgí nó seirbhísí a fhógairt, lena n-áirítear glaonna díreacha chun ceannachán a dhéanamh, naisc chuig suíomhanna gréasáin eile, faisnéis teagmhála cuideachtaí agus teaicticí promóisin eile. Ní cheadaímid ábhar urraithe atá ceilte nó atá léirithe go bréagach mar ábhar neamhspleách.

Ábhar contúirteach

Ní cheadaímid ábhar a d'fhéadfadh dochar dáiríre agus láithreach do dhaoine nó d'ainmhithe a éascú. Áirítear leis seo ach níl sé teoranta d’earraí, seirbhísí nó gníomhaíochtaí dainséaracha agus féindochar, amhail ciorrú, neamhoird itheacháin nó mí-úsáid drugaí.

Cleachtais mhealltacha

Ní cheadaímid ábhar nó cuntais a phearsanaíonn duine nó eagraíocht ar bith, a thugann míléiriú ar nó a cheileann úinéireacht nó an príomhaidhm atá leo, nó a ghlacann páirt in iompar bréagach nó comhordaithe chun dallamullóg a chur ar dhaoine, calaois a dhéanamh orthu nó iad a chur amú. Áirítear leis seo ach níl sé teoranta do na rudaí seo a leanas:

  • Mífhaisnéis nó ceilt na tíre tionscnaimh, rialtais nó cleamhnacht grúpa sainleasa polaitíochta.
  • Ábhar a dhíriú ar úsáideoirí i dtír eile faoi thuiscintí bréagacha.
  • A bheith ag oibriú le chéile ar bhealaí a cheileann nó a mhíléiríonn faisnéis maidir le caidrimh nó neamhspleáchas eagarthóireachta.

Ní chlúdaíonn an polasaí seo ábhar ina bhfuil ceisteanna ealaíonta, oideachasúla, stairiúla, doiciméadacha ná eolaíochta áirithe nó tairbhí suntasacha eile ann don phobal.

Ábhar ciapach

Ní cheadaímid ciapadh, bulaíocht ná ábhar bagrach. Áirítear leis seo ach níl sé teoranta d'ábhar a d'fhéadfadh:

  • Duine éigin a phiocadh amach do mhí-úsáid mhailíseach.
  • Duine éigin a bhagairt le dochar dáiríre.
  • Duine éigin a ghnéasú ar bhealach nach bhfuil ag teastáil.
  • Faisnéis phríobháideach duine éigin a nochtadh a d'fhéadfaí úsáid a bhaint aisti chun bagairtí a chur i gcrích.
  • Íospartaigh foréigin nó tragóide a cháineadh nó beag is fiú a dhéanamh díobh.
  • Ainghníomh a shéanadh.
  • Daoine a chiapadh ar bhealaí eile.
Ábhar gránna

Ní cheadaímid ábhar a chuireann foréigean chun cinn ná atá i bhfách leis, a chuireann idirdhealú chun cinn, a cháineann nó a bhfuil an príomhchuspóir leis ná fuath in aghaidh grúpa a chothú. Áirítear leis seo ach níl sé teoranta do: spriocdhíriú ar bhonn cine, bunús eitneach, creidimh, míchumais, aois, náisiúntachta, stádas iarshaighdiúra, gnéaschlaonta, inscne, féiniúlacht inscne nó tréith ar bith eile a bhaineann le hidirdhealú nó imeallú córasach (amhail stádas dídeanaí, stádas inimirce, sainaicme, daoine bochta agus daoine gan dídean).

Meáin ionramháilte

Ní cheadaímid ábhar fuaime, físe ná íomhá atá cúbláilte chun dallamullóg a chur ar dhaoine, calaois a dhéanamh orthu nó iad a chur amú trí léiriú ar ghníomhartha nó imeachtaí a chruthú nuair is féidir a fhíorú nár tharla siad. Cuimsítear ann dá mbeadh a leithéid d'ábhair ina chúis le tuiscint nó barúil go hiomlán éagsúil a bheith ag duine réasúnta, cosúil le go mbeadh sé ina chúis le dochar suntasach do ghrúpaí nó daoine aonair, nó go mbainfí an bonn ó rannpháirtíocht nó muinín i bpróisis toghcháin nó cathrach dá bharr.

Ábhar leighis

Ní cheadaímid ábhar a thagann salach ar chomhaontú eolaíochta nó leighis agus dea-chleachtais atá bunaithe ar fhianaise, nó a chuireann a mhalairt de scéal in iúl.

Earraí rialaithe

​Ní cheadaímid ábhar a éascaíonn, go príomha, cur chun cinn nó díol earraí agus seirbhísí rialaithe amhail alcól, cearrbhachas, earraí cógaisíochta, forlíontaí neamhcheadaithe, tobac, tinte ealaíne, airm nó feistí leighis agus sláinte.

Ábhar gáirsiúil

Ní cheadaímid ábhar ina bhfuil nochtacht, gníomhartha gnéis ghlinne nó ábhar gáirsiúil. Ceadaítear téarmaí leighis nó eolaíochta a bhaineann le hanatamaíocht daonna nó leis an ngnéasoideachas.

Ábhar sceimhlitheoireachta

Ní cheadaímid ábhar a chuireann gníomhartha antoisceacha nó sceimhlitheoireachta chun cinn, lena n-áirítear earcú, foréigean a spreagadh nó ceiliúradh ionsaithe sceimhlitheoireachta.

Ábhar foréigneach agus fuilteach

Ní cheadaímid ábhar foréigneach nó fuilteach atá uafásach, gáifeach nó gan chúis. Áirítear leis seo léirithe glinne den mhéid seo a leanas:

  • Gníomhartha nó eachtraí foréigneacha a dtarlaíonn drochghortú nó bás dá mbarr gan comhthéacs stairiúil nó oideachasúil
  • Orgáin nó cnámha inmheánacha nochta gan comhthéacs leighis nó eolaíochta
  • Íospartaigh inaitheanta básanna foréigneacha
  • Mí-úsáid ainmhithe nó maruithe taobh amuigh de sheilg chaighdeánach, próiseáil bia nó cleachtais chultúrtha
Teanga ghraosta agus eascaine

Ní cheadaímid gáirsiúlacht ná eascainí atá beartaithe go príomha le bheith uafásach, gáifeach nó gan chúis.

Polasaithe a bhaineann le gné ar leith

Tá polasaithe ar leith ag roinnt gnéithe cuardaigh atá riachtanach mar gheall ar na bealaí ar leith ina bhfeidhmíonn siad. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh go dtí na leathanaigh seo a leanas: