Fiosraigh ár mBeartas Príobháideachais, Téarmaí Seirbhíse agus Prionsabail IS
Nuair a úsáideann daoine Google, cuireann siad muinín ionainn lena gcuid faisnéise, mar sin, oibrímid go crua leis an bhfaisnéis sin a chosaint mar atá leagtha amach i mBeartas Príobháideachais Google. Leagaimid síos ionchais shoiléire le Téarmaí Seirbhíse Google le cuidiú le cur síos a thabhairt ar ár gcaidreamh le húsáideoirí agus iad ag idirghníomhú lenár gcuid seirbhísí. Aithnímid freisin go mbaineann féidearthachtaí suntasacha le IS chun fadhbanna dúshlánacha a réiteach agus tá prionsabail bunaithe againn atá ina dtreoir ag aipeanna IS Google.
Is freagracht é príobháideachas agus slándáil úsáideoirí a chosaint a thagann le táirgí agus seirbhísí atá ar fáil do gach duine a chruthú. Tá sraith de Phrionsabail Príobháideachais agus Slándála forbartha againn atá mar threoir dár dtáirgí agus dár bpróisis maidir le sonraíocht íogair a choinneáil príobháideach, sábháilte agus slán.

Fógra Príobháideachais Google
Mínítear an fhaisnéis a bhailíonn Google, an fáth a mbailíonn Google í, an chaoi a n-úsáidimid í, an chaoi lena hathbhreithniú nó lena huasdátú, agus conas do chuid sonraí a bhaint.
Beartas um Shonraí Úsáideoirí Google API Services
Dírítear ar riachtanais phríobháideachais agus slándála d’fhorbróirí agus iad ag úsáid APInna. Cuimsíonn sé úsáid chuí ár dtáirgí, fógra agus rialú trédhearcach, príobháideachas agus riachtanais slándála, agus tuilleadh.
Tá sé tábhachtach a chur in iúl an méid ar féidir leat a bheith ag súil leis uainn agus tú ag úsáid seirbhísí Google, agus an méid a bhfuilimid ag súil leis uait. Léiríonn Téarmaí Seirbhíse Google an dóigh a n-oibríonn ár ngnólacht, na dlíthe atá i bhfeidhm ar ár gcuideachta agus an fhealsúnacht a chreid muid riamh a bheith fíor.

Téarmaí Seirbhíse Google
Tugtar achoimre ar an méid a dtoilíonn tú leis agus tú ag úsáid ár gcuid seirbhísí. Cuimsíonn sé na bealaí a bhforbraíonn Google a chuid seirbhísí, rialacha maidir lenár gcuid táirgí agus ardán, cearta maoine intleachtúla, agus cearta dlíthiúla.
Téarmaí Seirbhíse, Google API
Mínítear na rialacha maidir le rochtain forbróirí ar APInna Google, lena n-áirítear rialacha maidir le hábhar, príobháideachas agus slándáil, maoin intleachtúil agus na cearta dlíthiúla atá ag forbróirí.
Creidimid go gcuirfidh IS agus ardteicneolaíochtaí eile nuálaíocht agus ár misean chun faisnéis an domhain a chur in eagar agus a dhéanamh inrochtana agus úsáideach do gach duine chun cinn. Leagann na prionsabail seo amach ár gcoimitmint chun teicneolaíocht a fhorbairt ar bhonn freagrúil agus réimsí feidhme faoi leith nach rachaimid leo.

Cleachtais fhreagracha maidir le IS
Tá IS ag cruthú deiseanna nua le saol daoine ar fud an domhain a fheabhsú. Tá Google tiomanta d’fhorbairt fhreagrúil IS agus d’eolas, taighde, uirlisí, tacair sonraí agus aiseanna eile a chomhroinnt leis an bpobal i gcoitinne.
Dul chun cinn ar ár bPrionsabail IS
Foilsíonn Google nuashonruithe go rialta faoin gcaoi a gcuirimid ár bPrionsabail IS i bhfeidhm. Comhroinnimid an chaoi a gcuirimid creataí agus rialachas bainistíochta riosca fiontair, bonneagar agus próisis chuntasachta i bhfeidhm ar sheoltaí táirgí IS.