Gníomhú chun
sábháilteacht a
chothabháil
Forfheidhmiú a thuiscint

An bealach a n-oibríonn forfheidhmiú
Úsáideann Google Search uathoibriú le déileáil le hábhar a sháraíonn beartais. Tá ár gcuid algartam cuardaigh ceaptha le tosaíocht a thabhairt don ábhar a bhfuil an chuma is fónta agus is iontaofa air mar fhreagairt ar chuardaigh áirithe. Tá ár gcuid córas ceaptha le nach gcuirfear ábhar a sháraíonn ár gcuid beartas chun tosaigh.
Na cineálacha gníomhartha forfheidhmithe
Gníomhaíochtaí ábhair
-
Luach airgid a bhaint
D’fhéadfaimis teorainn a chur leis na deiseanna déanaimh brabúis do phíosa áirithe ábhair.
-
Srianta
D’fhéadfadh roinnt táirgí úsáid a bhaint as fógraí scáineacha roimh ábhar nó geataíocht o thaobh na haoise chun páistí a chosaint ó ábhar do dhaoine fásta.
-
Bainte
Baintear an rochtain as gach duine ar an ábhar agus scriostar é go hiomlán ón táirge nó ón tseirbhís.
Gníomhaíochtaí cuntais
-
Sos sealadach ar sheirbhís
Cuirtear seirbhís ar sos agus marcáiltear í mar sheirbhís nach féidir a úsáid go sealadach de dheasca gníomhaíocht riachtanach nach ndéarnadh. Cuirfear tús leis an tseirbhís arís ach an ghníomhaíocht a bheith curtha i gcrích mar is ceart.
-
Díchumasú an chuntais
Mar rogha dheiridh, déantar Cuntas Google iomlán an úsáideora a dhíchumasú, rud a fhágann nach féidir leis an úsáideoir logáil isteach ar aon táirge nó seirbhís de chuid Google.
Iarratais ar ábhar a bhaint de réir dlí
-
Baint dlí
Tá próisis i bhfeidhm againn chun cloí le dlíthe áitiúla. Má fheiceann tú ábhar ar tháirge Google a chreideann tú go sháraíonn sé dlí áitiúil, cuir sinn ar an eolas.
Foghlaim faoin mbealach a n-oibrímid le saineolaithe le dul i ngleic le dochar ar líne
Aiseolas agus Tuairisciú Ábhair

Tá comhoibriú ríthábhachtach maidir le forfheidhmiú
Cur chuige maidir le tuairisciú agus aiseolas ó úsáideoirí
Aiseolas ó úsáideoirí a ionchorprú

Má fheiceann tú ábhar laistigh de Tháirge Google atá sáraitheach

Cuir ar an eolas muid trí thuairisc a chur isteach ar na modhanna cearta táirgí agus mionsonraí faoin sárú á thabhairt

Déanfaimid an t-ábhar a athbhreithniú agus déanfaimid aon ghníomh cuí
Aimsigh na huirlisí agus na foirmeacha le sárú a thuairisciú
Achomhairc

An deis achomharc a chur isteach
Próiseas achomharc

Dá bhfaighfeá fógra nó ríomhphost maidir le sárú, seans maith go mbeadh deis agat achomharc a dhéanamh

D'fhéadfadh sé go mbeifeá in ann achomharc a chur isteach le do chuid ábhair a chur ar ais arís nó le haon srian atá air a bhaint dá gcreidfeá gur bhotún a bheadh sa sárú nó dá ndéanfá an rud a chur ina cheart

Déanfaimid measúnú ar an achomharc agus cuirfimid toradh an achomhairc in iúl duit.