Úsáideann Google córais uathoibrithe chun ábhar ón nGréasán agus ó fhoinsí eile a aimsiú. Gineann na córais sin torthaí cuardaigh a thugann freagraí úsáideacha agus iontaofa ar na billiúin iarratas cuardaigh a bhíonn á bpróiseáil againn ar bhonn laethúil.

Cuimsíonn Cuardach Google na trilliúin leathanach gréasáin, íomhá, físeán agus ábhar eile, ach d'fhéadfadh go mbeadh ábhar sna torthaí a d'fhéadfadh a bheith gránna, déistineach nó achrannach do dhaoine áirithe.

Cabhraíonn córais uathoibrithe Google le cosaint a thabhairt ar ábhar gránna. Ba cheart go mbeadh torthaí cuardaigh úsáideach agus ábhartha agus go dteorannóidís freagraí turscair. D'fhéadfadh go mbainfimis ábhar de láimh a thiocfadh salach ar pholasaithe ábhair Google, i ndiaidh athbhreithniú cás ar chás ónár saineolaithe oilte. D'fhéadfadh go n-ísleoimis suíomhanna freisin, mar shampla dá dtiocfaimis ar go leor sáruithe ar pholasaithe ábhair ar shuíomh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar na suíomhanna gréasáin seo:

Polasaithe ábhair foriomlána do Chuardach Google

Bíonn na polasaithe seo i bhfeidhm ar ábhar atá ar fáil áit ar bith ar Chuardach Google, lena n-áirítear torthaí gréasáin. Is éard atá i gceist le torthaí gréasáin ná leathanaigh ghréasáin, íomhánna, físeáin, ábhar nuachta nó ábhar eile a aimsíonn Google ón nGréasán.

Leathnaigh gach rud Laghdaigh gach rud

Léiriú ar mhí-úsáid ghnéasach páistí nó ábhar dúshaothraithe

Cuirimid bac ar thorthaí cuardaigh a théann chuig léiriú ar mhí-úsáid ghnéasach páistí nó ábhar a bhfuil an chuma air go n-íospraíonn sé páistí, go gcuireann sé i mbaol iad nó go ndéanann sé dúshaothrú orthu ar aon slí eile. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi le léiriú ar mhí-úsáid ghnéasach páistí a thuairisciú.

Faisnéis an-phearsanta

D'fhéadfadh go mbainfeadh Google faisnéis phearsanta áirithe a chruthódh rioscaí suntasacha de bhradaíl aitheantais, calaois airgeadais nó díobhálacha ar leith eile, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do dhocsáil ábhair, íomhánna pearsanta gáirsiúla agus pornagrafaíocht bhréagach ainneonach. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi le d'fhaisnéis phearsanta a bhaint de Google.

Turscar

Braitheann Cuardach Google turscar trí chórais uathoibrithe. Déanann Google gníomh in aghaidh turscair, ar ábhar é a léiríonn iompar atá deartha chun dallamullóg a chur ar úsáideoirí nó chun ár gcórais chuardaigh a ionramháil. Eisímid gníomh de láimh in aghaidh suímh i ndiaidh d'athbhreithneoirí daonna Google a chinneadh go bhfuil a leathanaigh ag gabháil do thurscar mar atá mínithe i mBunriachtanais Chuardaigh Google. Faigh tuilleadh faisnéise maidir lenár bpolasaithe turscair do chuardach gréasáin Google.

Iarratais stiúrthóra gréasáin agus úinéara suímh

Ar iarratas, bainimid ábhar ar mian le stiúrthóirí gréasáin nó úinéirí suímh bac a chur air ónár dtorthaí gréasáin. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi le bac a chur ar rochtain ar d'ábhar agus leis an gcaoi le faisnéis a bhaint de Google.

Iarratais dlí bhailí

Bainimid ábhar nó gnéithe dár dtorthaí Cuardaigh ar chúiseanna dlíthiúla. Mar shampla, bainimid ábhar má fhaighimid fógra bailí faoi Digital Millennium Copyright Act (DMCA) SAM. Bainimid ábhar de leaganacha áitiúla Google chomh maith, i gcomhréir le dlí áitiúil, nuair a chuirtear muid ar an eolas gur fadhb é an t-ábhar. Mar shampla, bainimid ábhar a ghlóiríonn páirtí na Naitsithe go mídhleathach dár seirbhís sa Ghearmáin nó ábhar a thugann masla do chreideamh go mídhleathach dár seirbhís san India. Díliostaímid leathanaigh ar iarratais ainmneacha, bunaithe ar iarratais ar chosaint sonraí, faoin rud ar a dtugtar "an Ceart go ndéanfaí Ligean i nDearmad" go coitianta san AE. Mionscrúdaímid na hiarratais sin lena chinntiú go bhfuil bunús maith leo, agus is minic go ndiúltaímid ábhar a bhaint nuair nach bhfuil bunús soiléir ann sa dlí.

Nuair is féidir, taispeánaimid fógra gur baineadh torthaí agus tuairiscímid baint na dtorthaí sin do Bhunachar Sonraí Lumen, tionscadal atá á rith ag an Berkman Center for Internet and Society, a rianaíonn srianta le caint ar líne. Nochtaimid sonraí áirithe maidir le baint dlí dár dtorthaí Cuardaigh trínár dTuairisc Trédhearcachta. Faigh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi le hIarratas Bainte Dlí a dhéanamh.

Polasaithe i leith gnéithe cuardaigh

Bíonn na polasaithe seo i bhfeidhm ar go leor dár ngnéithe cuardaigh. Cé go ngintear na gnéithe seo agus an t-ábhar atá iontu go huathoibríoch, mar a dhéantar le torthaí gréasáin, d'fhéadfaí ciall a bhaint as an mbealach a gcuirtear iad i láthair go bhfuil siad ar chaighdeán níos fearr nó go bhfuil siad níos iontaofa ná torthaí gréasáin. Níl fonn orainn go mbainfeadh gnéithe tuarthacha nó beachtaithe stangadh as daoine ná go gcuirfidís olc orthu ach an oiread. I measc na ngnéithe cuardaigh atá clúdaithe ag na polasaithe sin tá painéil, timpealláin, feabhsuithe ar liostuithe gréasáin (amhail trí shonraí struchtúrtha), gnéithe tuarthacha agus beachtaithe agus torthaí agus gnéithe a labhraítear os ard. Ní bhíonn na polasaithe sin i bhfeidhm ar thorthaí gréasáin.

Leathnaigh gach rud Laghdaigh gach rud

Fógraí

Ní cheadaímid ábhar a dhíríonn go príomha ar tháirgí ná seirbhísí a fhógairt, lena n-áirítear glaonna díreacha chun ceannachán a dhéanamh, naisc chuig suíomhanna gréasáin eile, faisnéis teagmhála cuideachtaí agus teaicticí promóisin eile. Ní cheadaímid ábhar urraithe a cheiltear nó a mhíléirítear mar ábhar neamhspleách.

An nuashonrú is déanaí: Feabhra 2022

Ábhar contúirteach

Ní cheadaímid ábhar a d'fhéadfadh dochar tromchúiseach agus láithreach do dhaoine nó d'ainmhithe a éascú. Áirítear leis sin, ach gan bheith teoranta dóibh, earraí, seirbhísí nó gníomhaíochtaí contúirteacha agus féindochar, amhail ciorrú, neamhoird itheacháin nó mí-úsáid drugaí.

An nuashonrú is déanaí: Meán Fómhair 2022

Cleachtais mhealltacha

Ní cheadaímid ábhar ná cuntais a phearsanaíonn duine nó eagraíocht ar bith, a thugann míléiriú ar nó a cheileann úinéireacht nó an phríomhaidhm atá leo, nó a ghlacann páirt in iompar bréagach nó comhordaithe chun dallamullóg a chur ar dhaoine, calaois a dhéanamh orthu nó iad a chur amú. Áirítear leis sin ach níl sé teoranta do na rudaí seo a leanas:

  • Míléiriú nó ceilt na tíre tionscnaimh, rialtais nó cleamhnachta grúpa sainleasa polaitíochta.
  • Ábhar a dhíriú ar úsáideoirí i dtír eile faoi thuiscintí bréagacha.
  • A bheith ag oibriú le chéile ar bhealaí a gceileann nó a míléiríonn faisnéis maidir le caidrimh nó neamhspleáchas eagarthóireachta.

Ní chlúdaíonn an polasaí seo ábhar ina bhfuil ceisteanna áirithe ealaíonta, oideachasúla, stairiúla, doiciméadacha ná eolaíochta, nó tairbhí suntasacha eile ann don phobal.

An nuashonrú is déanaí: Márta 2023

Ábhar ciapach

Ní cheadaímid ciapadh, bulaíocht ná ábhar bagrach. Áirítear leis sin ach níl sé teoranta d'ábhar a d'fhéadfadh:

  • Duine éigin a phiocadh amach do mhí-úsáid mhailíseach.
  • Duine éigin a bhagairt le dochar tromchúiseach.
  • Duine éigin a ghnéasú ar bhealach nach bhfuil ag teastáil.
  • Faisnéis phríobháideach duine éigin a nochtadh a bhféadfaí úsáid a bhaint aisti chun bagairtí a chur i gcrích.
  • Íospartaigh foréigin nó tragóide a cháineadh nó beag is fiú a dhéanamh díobh.
  • Ainghníomh a shéanadh.
  • Daoine a chiapadh ar bhealaí eile.

An nuashonrú is déanaí: Deireadh Fómhair 2022

Ábhar gránna

Ní cheadaímid ábhar a chuireann foréigean chun cinn ná atá i bhfách leis, a chuireann idirdhealú chun cinn, a cháineann nó arb é an príomhchuspóir a ghabhann leis ná fuath in aghaidh grúpa a chothú. Áirítear leis sin, ach gan bheith teoranta dóibh, spriocdhíriú ar bhonn cine, bunús eitneach, creidimh, míchumais, aoise, náisiúntachta, stádas iarshaighdiúra, gnéaschlaonta, inscne, féiniúlacht inscne nó tréith ar bith eile a bhaineann le hidirdhealú sistéamach nó imeallú sistéamach (amhail stádas dídeanaí, stádas inimirce, sainaicme, daoine bochta agus daoine gan dídean).

An nuashonrú is déanaí: Márta 2023

Meáin ionramháilte

Ní cheadaímid ábhar fuaime, físeáin ná íomhá atá ionramháilte chun dallamullóg a chur ar dhaoine, calaois a dhéanamh orthu nó iad a chur amú trí léiriú ar ghníomhartha nó imeachtaí a chruthú nuair is féidir a fhíorú nár tharla siad. Áirítear leis sin dá dtabharfadh a leithéid d'ábhair ar dhuine réasúnta tuiscint nó barúil iomlán éagsúil a bheith aige/aici, ar dhóigh a bhféadfadh dochar suntasach a dhéanamh do ghrúpaí nó do dhaoine aonair, nó an bonn a bhaint ón rannpháirtíocht i bpróisis toghcháin nó phoiblí, nó an bonn a bhaint ón muinín astu.

An nuashonrú is déanaí: Nollaig 2022

Ábhar leighis

Ní cheadaímid ábhar a thagann salach ar chomhaontú eolaíochta nó leighis agus ar dhea-chleachtais atá bunaithe ar fhianaise, nó a chuireann a mhalairt de scéal in iúl.

An nuashonrú is déanaí: Meán Fómhair 2023

Earraí rialaithe

​Ní cheadaímid ábhar a éascaíonn, go príomha, cur chun cinn nó díol earraí agus seirbhísí rialaithe amhail alcól, cearrbhachas, earraí cógaisíochta, forlíontaí neamhcheadaithe, tobac, tinte ealaíne, airm nó feistí leighis agus sláinte.

Ábhar gáirsiúil

Ní cheadaímid ábhar ina bhfuil nochtacht, gníomhartha gnéis glinne ná ábhar gáirsiúil. Ceadaítear téarmaí leighis nó eolaíochta a bhaineann leis an anatamaíocht dhaonna nó leis an ngnéasoideachas.

An nuashonrú is déanaí: Márta 2023

Ábhar antoisceach foréigneach

Ní cheadaímid ábhar atá táirgthe ag eagraíochtaí ná ag daoine aonair a úsáideann foréigean in aghaidh sibhialtach chun cuspóirí polaitiúla, reiligiúnacha nó idé-eolaíocha a bhaint amach. Áirítear leis sin grúpaí atá ainmnithe mar ghrúpaí sceimhlitheoireachta ag an rialtas agus eagraíochtaí agus gluaiseachtaí foréigneacha eile atá ina bhfíorbhagairt dhochrach ar ár gcuid úsáideoirí. Ní cheadaímid ach oiread ábhar a éascaíonn ná a chuireann chun cinn gníomhaíochtaí na ngrúpaí sin, amhail earcú, ábhair a chomhroinnt a d'fhéadfadh dochar a éascú, foréigean a spreagadh nó ionsaithe a cheiliúradh. Féadfar ábhar a bhaineann leis an antoisceachas foréigneach a cheadú i gcomhthéacs oideachasúil nó doiciméadach, ach ní mór dóthain faisnéise a sholáthar chun cabhrú le daoine an comhthéacs a thuiscint.

An nuashonrú is déanaí: Meán Fómhair 2023

Ábhar foréigneach agus fuilteach

Ní cheadaímid ábhar foréigneach ná fuilteach atá uafásach, gáifeach nó gan chúis. Áirítear leis sin léirithe glinne den mhéid seo a leanas:

  • Gníomhartha nó eachtraí foréigneacha a dtarlaíonn drochghortú nó bás dá mbarr gan comhthéacs stairiúil nó oideachasúil
  • Orgáin nó cnámha inmheánacha nochta gan comhthéacs leighis nó eolaíochta
  • Íospartaigh inaitheanta básanna foréigneacha
  • Mí-úsáid nó marú ainmhithe taobh amuigh den ghnáthsheilg, den phróiseáil bia nó de chleachtais chultúrtha

An nuashonrú is déanaí: Feabhra 2024

Graostacht agus eascaine

Ní cheadaímid gáirsiúlacht ná eascainí atá beartaithe go príomha chun bheith uafásach, gáifeach nó gan chúis.

An nuashonrú is déanaí: Bealtaine 2023

Polasaithe a bhaineann le gné ar leith

Tá polasaithe ar leith ag roinnt gnéithe cuardaigh atá riachtanach mar gheall ar na bealaí ar leith ina bhfeidhmíonn siad. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh go dtí na leathanaigh seo a leanas: